Coiste Rialacha

Tá Coiste Rialacha an Choimisiúin le Rincí Gaelacha freagrach as riachtanais agus rialacha a shoiléiriú agus a dheimhniú do mhúinteoirí agus do mholtóirí rince an CLRG. Déantar ceisteanna i dtaobh an rialacha a chur ar aghaidh go Cathaoirleach an Choiste Rialacha i gcomhair soiléiriú. Is é an Coiste Rialacha a leagann amach na critéir le haghaidh iarratais chun campa rince a eagrú agus a dhéanann iad a fhaomhadh. Chomh maith leis sin, déanann an Coiste Rialacha tiomsú agus athnuachan ar rialacha CLRG de réir mar cheaptar rialúcháin nua i ndiaidh rúin a rith ag cruinnithe den Choimisiún le Rincí Gaelacha.  

 Coiste Rialacha/Rules
 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.